Lankford Books

An Logainmníocht in Oileán Cléire

This is a beautiful, well written book about the names given to over 2,200 mapped places and features in the landscape of Cape Clear Island, Co. Cork. All but a few of the names are in Irish, having been collected orally and tape - recorded in the 1970-‘80s from native Irish speakers. Included are names given to island townlands, scores of small islands, rocks, coves, headlands, cliffs, fields, hills, streams, wells, roads, trails, crossroads, old house ruins, archaeological and historical sites. The history, lore and daily life functions, which brought about the creation and preservation of so many names are explored. The generation of islanders who supplied and mapped the names with the author have by now, mostly passed on. The methodology used by Dr Éamon Lankford when collecting and mapping the minor- placename heritage of Cape Clear Island was subsequently used by him in the Cork and Kerry Place Name Surveys, the results of which now form the Cork Place Name Archive at Cork County Library and the Kerry Place Name Archive at Kerry County Library. Collectively, the two libraries hold 186 bound volumes of references to Cork and Kerry placenames and some 140 archive boxes of fieldwork documentation.


Scoite amach sa bhfarraige léi féin, ar chósta thiar theas Chontae Chorcaí atá Cléire, ceann de na hoileáin is faide ó mhórthír na hÉireann ar a bhfuil daoine fós ag maireachtaint. D’fhág suiomh iargúlta Chléire an t-oileánach beag beann ar thionchar na mórthire go lár na fichiú haoise, nach mór. Go dtí sin bhí saol iomlán á chaitheamh ag daoine ag iascaireacht agus ag saothrú na talún. Is dóichí gurbh shin ba chúis le Cléire a bheith fágtha ar an aon oiléan de chéad oileánaibh Chairbre ina bhfaightear roinnt Gaeilge fós dá labhairt. Thart ar 110 duine a chónaíonn ann anois agus tá stádas Gaeltachta ag an oileán.

Sa saothar seo, pléitear tábhacht na n-áitainmneacha mar fhoinsí eolais agus mar léiriú ar chultúr an oileáin, agus deintear iarracht ar chuid den léiriú ar mheon, nósanna, saol agus saothar pobail atá le sonrú sna háitainmneacha a nochtadh. Tugann an roghnú ar ainmneacha a baisteadh i gCléire ar an uile ghné den timpeallacht, mionléaragas ar an úsáid a bhain daoine as an timpeallacht sin agus ar an ngaol a chothaigh siad léi. Léirítear iontu, an dearcadh a bhí ag an oileánach i leith na timpeallachta oileánda inar mhair sé, ag tréimhsí éagsúla san am atá thart. Tugann na hainmneacha léiriú leis, ar an réimse foclóra agus na foirmeacha teanga a tharraing muintir Chléire chucu agus áitainmneacha á gcumadh acu. Bíodh go bhfuil mórathruithe teanga agus daonra imithe i bhfeidhm ar Chléire le leathchéad blian anuas, is cuid den teanga laethiúil fós iad an mion-logainmneacha.

Mionchursíos ar ghnéithe aiceanta an oileáin atá le sonrú sna háitainmneacha a thagraíonn do chnoc, cnocán is cnocáinín, leaca, talamg ard is lug talún, clais, poll. comar is gleann. Tagraítear do dhromáin, ardáin, isleáin, réidhleáin, sliabh, cuaranna agus bainc i dtéarmaí a bhí sothuigthe don oileánach. Tá léarscáil de chósta oileánda lé sonrú ón iliomad ainm. Ainmnítear failltreacha arda, oileáin, carraigeacha mara, stacáin, boilgeacha faoi uisce, cuaisíní, poill agus pluaiseanna.

Na nithe seo go léir agus go leor eile fós atá faoi chaibidil sa saothar seo ag Éamon Lankford. Is le fada an lá atá sé ag saothrú i ngort na logainmníochta. Chuir sé chun oibre, ag bailiú agus ag mapú Logainmneacha Chléire sna blianta 1976-86. I 1995 bhronn Ollscoil an hÉireann, Máigh Nuad gradam dochtúireachta air as an obair seo, agus is ciorrú agus cóiriú ar an ábhar sin atá sa leabhar seo.



Return